Múineann Jenny ó Ultra Flex damhsa dos na bun ranganna agus bíonn taispeántais againn um Nollaig.
Bíonn céilí mór againn i rith Sheachtain na Gaeilge. Baineann na ranganna go léir taitneamh as scileanna peile a fhoghlaim agus a chleachtadh le John ón gcumann áitiúil i nDroichead na Banndan.
Tháinig Ríona Ní Bhuachalla, Tomás Ó Sé agus Éamonn Ó Riain ar cuairt chun labhairt linn faoi thábhacht an spóirt ina saol.
Bhaineamar an-taitneamh as an mblitz rugbaí áitiúil! Bhíomar ag cleachtadh na scileanna le Bronson ón Nua-Shéalainn i rith na bliana. Thosnaigh ranganna N.Bheaga suas chuig Rang 3 scileanna rothaíochta le déanaí. Tá na leanaí ag baint an-taitneamh as.
|
Bígí Aclaí le Spórt is Spraoi!![]() - Peil/ Football
|