Tá an Nollaig ag teannadh linn agus táimid ag baint an-thaitneamh as an draoícht anseo i rang a hAon. Nollaig faoi shéan is faoi mhaise daoibh go léir 🧑🏼🎄🎄.
0 Comments
Bhaineamar an-taitneamh as an ullmhúcháin do Seó na Nollaig. Dheineamar píosa aisteoireachta bunaithe ar an amhrán ‘A Friend Like Me’ ón scannán Aladdin in éineacht leis an amhrán An Drumadóirín.. Tá an-chumas aisteoireachta iontu. Bhíodar thar barr sa taispéantas. Maith sibh !!
An tseachtain seo bhíomar ag féachaint ar ealaíontóirí cáiliúla. Bhí suim mhór againn i Vincent Van Gogh. Bhaineamar an thaitneamh as a bheith ag féachaint ar a chuid ealaín agus cinnte tá bua na healaíona ag daltaí rang a hAon.
Bhaineamar taitneamh as Seachtain Eolaíochta i rang a hAon an tseachtain seo caite. Rinneamar roinnt turgnaimh éagsúla agus rudaí éagsúla chun é a cheiliúradh. Cuid de na rudaí a rinneamar ná frídíní a iniúchadh agus a thábhachtaí agus atá sé do lámha a ní, héileacaptar páipéir agus im a dhéanamh. Rinne eolaithe rang a hAon sár-jab, maith sibh !! Chuid dos na boscaí bróg a bhí déanta don carthanas Team Hope. Bíonn Team Hope ag cabhrú le leanaí leochailleacha thar lear. Bhí sár jab déanta ag daoine i rang a hAon maith sibh !!
Bhí an-spraoi againn ag glacadh páirt i gcluichí agus gníomhachtaí a bhaineann le mata an tseachtain seo do seachtain matamaitice. Bhain na páistí an- taitneamh as an tseachtain.
|
Archives
June 2023
Categories |