Ghlac Rang 3 páirt i dTaispeántas na Nollag inné & bhíomar an-bhródúil ar fad astu. Dhein siad damhsa álainn bunaithe ar an scéal, 'Clann Lir' & bhí an t-amhrán 'Rudolf an Fia Rua’ á chanadh & á sheinnt acu ar an ukulele. Beimid ag súil go mór leis an taispeántas a fheiscint ar an DVD go luath. Ár mbuíochas mór le Kelly-Anne & Rob a chabhraigh linn ar an lá & sna seachtainní roimhe. Maith sibh ach éinne!