Bhí cailíní agus buachaillí rang a sé ag cleachtadh scileanna leagóige, na scileanna atá de dhíth don leadóg a fhorbairt, tá sé tábhachtach go mbeidh cuid mhór deiseanna ag na himreoirí cleachtadh a dhéanamh ar an liathróid a bhualadh chuig imreoir eile agus ar an liathróid a chur ar ais chuig imreoir eile. Bhaineadar an-taitneamh as an gcleachtadh.
Beidh rang a sé a glacadh páirt i gcomórtas VEX robotics IQ i mbliana. Táimid tar éis tús a chuir leis an obair. Bhíomar ag obair i ngrúpaí agus ag leanúint na treoracha ón dteimpléad. Caithfimid teacht suas le hainm don róbó. Níos mó le teacht
Rinneamar turgnamh sa rang chun eolas a bhailiú ar aigéid agus bunanna. D'úsáieamar sú cabáiste dearg chun páipéir Litmus a dhéanamh. Rinneamar triail ar earraí éagsúla ar nós citsip, foltfholcadh, taos fiacla srl. D'athraigh gach aigéid dearg sa sú cabáiste agus d'athraigh na bunanna gorm nó glas sa sú.
An tseachtain seo, bhíomar ag díriú isteach ar uillinneacha agus bhaineamar an-sult as uillinneacha a thomhas agus a tharraingt sa seomra ranga.
Rinneamar iarracht roth ferris a thógáil an tseachtain seo mar chuid den STEAM. Bhaineamar an-taitneamh as agus d'úsáideamar trealamh éagsúla.
Fáilte mhór chroíúil romhaibh go leathanach Rang 6. Tá ríméad ar gach éinne i rang a sé go bhfuil siad ar ais ar scoil. Coiméad súil amach ar an leathanach seo le linn na bliana le fáil amach cad atá ar súil againn sa rang. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as.
|
Fáilte Romhaibh Chuig Rang 6!Archives
June 2023
Categories |