An Bleaist Eolaíochta / Science Blast 2022
Is iad Rang a 5 a bheidh ag glacadh páirte sa Bhleaist Eolaíochta. An cheist eolaíochta atá roghnaithe acu le fiosrú i mbliana ná An féidir leat Nutella a dhéanamh gan ola pailme a úsáid? Go néirí go geal libh!
Rang a 5 will take part in the Science Blast shortly. The scientific question they are investigating is whether a substitute for palm oil can be used to make Nutella. The very best of luck to our scientists of the future!

Club STEAM - Marta 2022
Seo daltaí ó ranganna 3,4,5 a ghlac páirt i STEAM tar éis scoile inniú & inné. Dhein siad iarracht 'Twinkle Twinkle' a sheinnt ar ábhair seoltacha leis na @makeymakey & @scratch- sheinn siad bananaí, spúnóga, Playdoh, scragall stáin, láimhe, cosa agus sróna fiú!
Ceardlanna Eolaíochta /Lifetime Labs
Tabharfaidh Fearghal ó Lifetime Labs i gCorcaigh cuairt ar Rang a 3, 4 agus 5 ar an gCéadaoin an 9ú la de Feabhra 2022 chun ceardlanna a dhéanamh leis na páistí ar ghníomhaíochtaí eolaíochta praiticiúla.
Fearghal from Lifetime Labs will visit Rang a 3, a 4 and a 5 on Wednesday the 9th of February 2022 to engage in hands on workshops full of practical science activities that encourage discovery and investigation.

Engineering in a box (Feabhra 2022)
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil Rang a 4 ag glacadh páirte sa chlár Engineering in a Box a bhuíochas d’urraíocht ó Jacobs Engineering Cork. Is iad Hannah agus Colm an bheirt innealtóirí a bheidh ag teacht isteach ar bhonn seachtainiúil chun saghasanna difriúla innealtóireachta a mhúineadh don rang. Leanfaidh an clár iontach seo ó UCC ar aghaidh ar feadh 10 seachtaine.
Pupils from 4th class will be taking part in the Engineering in a Box programme this spring. The programme will run for 10 weeks. Hannah and Colm from Jacobs Engineering Cork will be engaging in problem solving activities with the class through use of the many different engineering skills.

Stiúidío Ghrianghrafadóirechta ó @KiniaCommunity - Eanáir 2021
Bhí daltaí ó Rang a 5 ar bís inniú chun acmhainní ó @KiniaCommunity a thriall. Chuir siad tùs le ríomhbheochan a chruthú le Stiúidío Ghrianghrafadóirechta agus bhíodar ag foghlaim conas scáithleán glas a úsáid.
Vex Robotics 2021-2022
Beidh Rang a 6 ag glacadh páirte i gcomórtas Vex Robotics @vexireland Tá siad tar éis tús a chur leis an obair. Bhí siad ag obair i ngrupaí agus ag leanúint na treoracha ón dteimpléad. Níos mó le teacht!
Seachtain Eolaíochta sa Ghaelscoil 2021
Tá Seachtain na hEolaíochta ar siúl an tseachtain seo. Tá gach rang ag baint ard-taitneamh as na turgnaimh éagsúla atá idir lámha acu. Féach ar chuid des na gníomhaíochtaí thíos.
Science Week is taking place in the school this week. All classes are having great fun carrying out a wide variety of experiments & science based activities. Have a look at some of the activities in the photos below.

SFI Primary Science agus Maths Award 2021
Míle buíochas dos na múinteoirí, na daltaí agus na tuistí go léir a thug cabhair dúinn an duais SFI Primary Science agus Maths a bhaint amach. Ar scáth a chéile a mhairimid.
STEAM i Rang 5 - Meán Fómhair 2021
Bhí na hinnealtóirí óga i Rang a 5 gníomhach inniú ag réiteach fadhbanna chun na dtithe éin agus drochid a thógáil.
Ag tógáil le cipíní líreacáin i Rang 6
Rinne Rang 6 iarracht roth ferris a thógáil an tseachtain seo mar chuid den STEAM. Bhaineadar an-taitneamh as agus d'úsáideadar trealamh éagsúla.
STEAM i mBosca
Seo hiad Rang a 5 nó Innealtóirí Leictronacha an todhchaí. Táid tar éis Tuirbíní Gaoithe a chruthú. D’fhoghlaim siad faoi Innealtorí an Fhuinneamh agus ansin chruthaigh siad a Tuirbíní Gaoithe féinigh. Táid tar éis ciorcaid leictreach a chruthú ag úsáid Playdoh mar seoltóir chomh maith. Bhain siad úsáid as sreanga miotail, cadhnraí, bolgáin LED agus Playdoh chun chiorcaid leictreach slán a chruthú. Táid fíor-bhíoch do Jacobs Engineering chun an ‘STEAM i mBosca’ a cheannach dóibh.
STEAM leis na Makey Makey
Seo hiad Rang a 5 agus iad i mbun Conair Leictreonach sa seomra ranga! Bhíodar ag aimsiú ábhar atá seoltach leis na Makey Makey. Tar éis fáil amach go raibh píosaí ón gcluiche fichille, síolta, leitís, bonn Gaeilgeoir na Seachtaine, spúnóga seoltach chruthaíodar ceolfhoireann ag úsáid Scratch. Bhí an spraoi acu ag cruthú an phianó déanta as daoine toisc go bhfuil daoine seoltach!
Seo hiad Rang a 5 agus iad ag cruthú an chluiche ‘Obráid’ le na ‘Makey-Makey’ agus ‘Scratch’. D’úsáid na daltaí ‘Scratch’ ar ríomhairí glúine chun clár a roghnú a dhéanfadh fuaim nuair a bhuailfidís in aghaidh an scragall stáin. D’oibrigh na daltaí i ngrupaí de sheisear chun a gcluiche a dhearadh agus a chruthú. Tharraing siad an dearadh, ghreamaigh siad a líníocht ar bhosca arbhar nó bosca bróg. Ansin, ghearr siad amach na poill. Tháinigh gach grúpa suas le slite difrula chun an chiorcaid leictreach a fhorbairt ag úsáid a gcuid eolais fhéínigh. Bhí an spórt acu ag imirt an chluiche ina dhiaidh é a dhearadh agus é a chruthú.
Seo hiad Rang a 5 tar éis Mataí Rince a dhearadh agus a chruthú ag úsáid ‘Makey Makey’ agus ‘Scratch’.
D’úsáid siad Scratch chun an ríomhchláir rince a roghnú agus a úsáid. I ngrúpaí de sheisear, chruthaigh siad na saighid as scragall stáin. Ghreamaigh siad na saighid go dti cairtchlár ionas nach mbriseadh siad. Ag úsáid Makey Makey ansin, chruthaigh siad ciorcad slán leictreach. Toisc go bhfuil na daltaí seoltach- bhí siad in ann rince a dhéanamh ar an a matai rince!

Skribots i Rang 6
Bhí Rang 6 ag obair leis na Skribots le déanaí. Thug sé deis iontach dóibh cleachtadh a dhéanamh ar scileanna teicneolaíochta agus innealteoireachta. Comh maith le sin, bhí na páistí ag oabir le chéile chun códáil a dhéanamh ar na róbó.
Rang 6 have been enjoying practicing their coding & engineering skills while working on their Skribots recently.
Rang 6 have been enjoying practicing their coding & engineering skills while working on their Skribots recently.
ESB Bleaist Eolaíochta 2021
I mbliana, is Rang a 5 agus Múinteoir Emma a bhí ag glacadh páirte san ESB Bleaist Eolaíochta. Bhí tionscnamh glas thar a bheith spéisiúil roghnaithe acu don thaispeántas. Bhíodar ag fiosrú na ceiste ‘An féidir fuíollach na cistine a athfhás?’
This year’s annual Science Blast took place online. Rang a 5 and Múinteoir Emma took part virtually. They had a very interesting science question related to sustainable living which they have been busy investigating in the past few weeks. They investigated as to whether leftover vegetables from the kitchen can be regrown.

.VEX IQC Craobh na hÉireann
Bhí lá iontach ag ár gclub VEX Roboitcs inné. Tar éis an bua i mí Eanáir, fuaireamar cuireadh chuig VEX IQC craobh na hÉireann i CIT. Bhí feiche cúig scoil ann ó contaetha éagsúla. Bhí seans againn ár scileanna tiomána agus códáil a thaispeáint. Sa deireadh, fuaireamar an triú áit agus ní raibh ach dhá phointe idir an tríú áit agus an chéad áit. Tá éacht ullmhór déanta ag na páistí seo agus beimíd ar ais arís an bhlian seo chugainn gan dabht.
Beidh Gaelsoil Dhroichead na Banndan ag glacadh páirt i VEX Robotics IQ i mbliana. Beidh daltaí ó rang 4-6 ag glacadh páirt sa chomórtas.
Fuair Gaeilscoil Dhroichead na Banndan cuireadh chun freastail ar cúrsa VEX Robotics i bPobalScoil Cionn tSáille le déanaí. Fuaireamar ana-chuid tacaíocht agus eolas ó na múinteoirí agus na daltaí idirbhliana. Míle buíochas as ucht an failte álainn a thug sibh dúinn agus an comhairle.
Comhghairdeas lenár bhfoireann VEX robotics, a bhí ceann de na buaiteoirí i CIT. Go raibh míle maith agaibh as ucht an tacaíocht go leír a thug gach éinne chuig an fhoireann. Ar aghaidh linn go craobh na hÉireann ar an 12ú lá de Feabhra i CIT.