School site
Gaelscoil Dhroichead na Banndan
  • Baile / Home
  • Eolas / Information
    • Eolas Ginearálta / General Information >
      • Teangmháil / Contact us
      • Foirm Clárúchán / Enrolment Form
      • Nascanna/ Links
    • Féilire / School Calendar 2022-2023
    • Buneolas do Thuismitheoirí Nua/ Information for New Parents
    • Bord Bainistíochta / Board of Management
    • Foireann na Scoile
    • Polasaithe / Policies
    • Cúpla Focal
  • Fógraí / Notices
    • Nuachtlitreacha / Newsletters
    • Liostaí Leabhar/ Booklists 2022/ 2023
  • Gníomhaíochtaí / Activities
    • Bratacha/ Flags >
      • Scoil Ghníomhach/ Active School
      • An Brat Gorm/ Blue Flag Programme
      • Brat Oráiste/ Amber Flag
      • Scoileanna Glasa/ Green Schools
    • Scoileanna Ildánacha/ Creative Schools
    • STEAM
    • Gaeilgeoir na Seachtaine
    • Buaicphointí / Highlights
  • Ranganna
    • Naíonáin Bheaga
    • Naíonáin Mhóra
    • Rang 1
    • Rang 2
    • Rang 3
    • Rang 4
    • Rang 5
    • Rang 6

Rang a 5 2022/2023

3/3/2023

0 Comments

 
Rang a 5 ag déanamh taighde dá gcuid scríbhneoireachta ar na Chromebooks.
Picture
Lá Domhanda na Leabhar á cheiliúradh.
Picture
Seo hiad Rang a 5 ag léamh dos na Naíonáin Mhóra mar chuid do Cheiliúradh Lá Domhanda na Leabhar.
Picture
Don Blaist Eolaíochta i mbliana tá Rang a 5 ag fiosrú na ceiste 'An bhfuil éifeacht ag dath ar ár ngiúmar?'. Roghnaíomar dath difriúl do gach lá scoile i seachtain amháin agus mhaisíomar an rang le gach dath do lá amháin. Chruthaíomar suirbhé agus líonamar isteach an tsuirbhé go laethúil. Anois, caithfimid na torthaí a iniúchadh! Beimid an-ghnóthach ag oibriú amach na codáin agus céatadáin.
Picture
Picture
An tSeachtain Chineáltais:
Picture
Rang a 5 ag ceiliúradh Lá Fhéile Bríde:
Picture
Ealaín a chríochnaíodar inniú:
Picture
Rang a 5 ag fiosrú an seoltóirí leictreach nó inslitheoirí ábhair éagsúla leis na Makey Makey ar na chromebooks:
Picture

Picture
Picture
Seo hiad Rang 5 ag gabháil dos na Makey Makey roimh an bhrisidh. Bhíodar ag seinnt ábhair seoltacha cosúil le torthaí, playdoh, feadóga stáin agus a sróin agus a gcluasa féinigh:
Picture
Picture
Picture
Picture
Grianchórais cruthaithe ag Rang a 5:
Picture
Picture
Picture
Picture
Leictreoirí óga iontacha ó Rang a 5 ag cruthú ciorcaid slán.
Picture
Picture
Picture
Fuair R.5 amach cad a tharlaíonn nuair a chuirtear dathúcháin bia isteach in uisce na mbláthanna an tseachtaine seo chaite:
Picture
Spléachadh siar go dtí R.5 coicís ó shin ag crochadh suas an crann Nollag, ag ithe brioscaí 's ag canadh carúil na Nollag
Picture
Is laoch dúinn go léir é an leaid óg seo Finan O Gealbháin ó Rang a 5 a d'fhás a chuid gruaige ar feadh 3 bliana ionas go mbeadh sé fada go leor le gearradh agus tabhairt go dtí an charthanachta 'Locks of Love for LauraLynn'. Molaimid thú go mór Finan!
Picture
Rang 5 ag foghlaim faoin gcóras díleá agus muid ag cruthú ár gcóras díleá féin as ábhair praiticiúila.
Picture
Picture
Picture
Picture
Tháinig seandálaí isteach sa scoil an tseachtain seo chaite agus labhair sí le ranganna 4,5,6 faoin seandálaíocht:
Picture
Picture
Rang a 5 ag canadh an amhráin thraidisiúnta Peigín Litir Mór Dé hAoine.
Rang a 5 ag imirt fichille mar chleachtadh ar a scileanna réiteach fadhbanna 
Picture
Picture
Picture
​Ghlac R.5 páirt i seiminár gréasáin Izak 9 inniú le scoileanna ó thimpeall na tíre ➕️➖️➗️
Picture
Picture
Picture
​Rang a 5 ag imirt cluiche teanga 'Aimsigh na Difríochtaí' 
Picture
Picture
​Rang a 5 ag oibriú go crua ar a dtionscadail staire. Táid ag oibriú i ngrúpaí ag déanamh taighde ar sheanfhoirgnimh i nDroichead na Banndan.
Picture
Picture
Picture
 ​Dé hAoine don ealaín bhí Rang 5 ag cruthú a gcluichí 'Fuseball' féin. Bhí béim ar a samhlaíocht a úsáid agus athchursáil a dhéanamh ar brúscar.
Picture
Picture
Picture
Picture
Seo fíodóireacht álainn a dhein Rang a 5 i Mí Mheán Fómhair don ealaín.
Picture

​Foireann ana-chomhoibritheach ó Rang a 5 ina chomhthionóil roimh tosú an chluiche tsacair i gcorpoideachas.
Picture
0 Comments

Fíodóireacht

15/9/2022

0 Comments

 
Thosaigh Rang a 5 ag fíodóireacht i rith na seachtaine!
Tógfaidh an saothar ealaíne cúpla seachtaine ach tús maith, leath na hoibre!
Bhí siad go hiontach chun cabhrú lena chéile.
Picture
Picture
Picture

Téama 2: Tithe agus Teaghlaigh

Le linn na coicíse seo táimíd ag foghlaim faoi thithe agus teaghlaigh. San Eolaíocht, bhíomar ag díriú ar an gceist 'Cad as a bhfuil sé déanta?'. Chuamar ar chonair eolaíochta mórthimpeall na scoile ag breathnú ar na hábhar a úsáideadh chun gnéithe éagsúla sa scoil a chruthú chomh maith leis na hairíonna atá ag baint leis na ábhair san. Bhíomar ag obair i ngrupaí agus bhí ról áirithe ag gach duine sa ghrúpa. An aidhm a bhí againn ná rudaí le hairíonna áirithe a aithint msh. rud atá trédhearcach, súiteach, crua, éadthrom, teimhneach, solúbtha, bog, mín srl., Seo grianghraf don chláraitheoir i ngrúpa amháin ag taifead na dtuairimí a bhí ag a ghrúpa.
Picture
Sa Stair, bhíomar ag foghlaim faoi sheanfhoirgnimh sa cheantar áitiúil. Féach thíos ar chuid dos na seanfhoirgnimh a dheineamar staidéar orthu. Bhíomar ag plé na n-ábhar tógála, na cineálacha díonta, méid stórtha agus méid na mbánna.
Picture
Picture
Picture
Bhí Lá Náisiúnta na Folláine á cheiliúradh againn ar an 23/09/2021. Bhí comórtas cuarda a rith agus comórtas suí i gcoinne an bhalla againn. Bhí na páistí i gcomórtas i gcoinne an mhúinteora! Fuair na páistí an lámh in uachtar uirthi sa dhá chomórtais!
Bhíomar ag foghlaim conas fíodóireacht a dhéanamh le linn na míosa seo. Féach thíos ar cuid d'ár cleachtas ealaíne.
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
Féach ar an bhfeileachán galánta a thuirling ar lámh Eva L:
Picture

Téamaí 3 & 4: Spórt

Seo hiad buaiteoirí comórtas na bhfeisteas le linn an cheiliúrtha d'Oíche Shamhna. 
Picture

Picture
Picture
Bhain na daltaí an-taitneamh as Cluiche an Phlúir- cluiche Oíche Shamhna traidisiúnta.
Picture
Don cheol, chum gach grúpa Amhrán Náisiúnta don scoil agus ansan chan siad é don rang.
Picture
Picture
Tháinig Finman (Anrí ó Domhnaill) isteach chun cainte le ranganna 5 agus 6 mar gheall ar a aistear snámha mórthimpeall na hÉireann. Is féidir linn a aistear a rianú anseo: Swim Tracker | FinSwim2020.
Picture

Téama 5: Cé hé mise?

Dhein na daltaí macasamhail 3-T d'Abhann na Bandan ina ghrúpaí.
Picture
Picture
Bhíomar ag foghlaim faoin gcóras díleá agus chruthaíomar ár gcóras díleá féin!
Picture
Picture

Téama 6: Ceannródaithe

 Mhaisigh Rang a 5 a gCrann Nollag. Chruthaigh siad a ornáidí féin!
Picture

Téama: Spraoi & Fantasaíocht

Cleachtadh ar siúl do Seó na Nollag. Beimid ag casadh an phoirt 'Auld Lang Syne'.
Picture
Picture
Picture
 BSeó na Nollag- bhí na daltaí i Rang a 5 ag léiriú an scéil 'Tír na nÓg' a i bhfoirm rince. Dheineadar an-jab leis na múinteoirí drámaíochta.
Picture
Picture
Picture
Tá Rang a 5 i ndiaidh eilifinte ón sú a uchtú mar ghníomh chineáltais don Nollaig.
Picture

Gáirí geal na Nollaig i Rang a 5 agus iad ag cruthú fir sneachta.
Picture

Picture
Picture
Picture

Ainmhithe Iontacha

Picture
Seo hiad Rang a 5 ag cruthú fógraí teilifíse sa cheacht drámaíochta inniú. Bhíodar ag léiriú a dtuairimí ar an ábhar ar chóir ainmhithe a choinneáil i zúnna,

Picture

Spás

Seo hiad Rang a 5 ag léiriú a drámaí bunaithe ar aistear pearsanta spásaire.
Picture

Picture
Picture
Daltaí Rang a 5 ag baint taitnimh as Badmantan sa cheacht corpooideachais.
Picture
Picture
Picture
Picture

Aireagáin

Tháinig múinteoir leadóige isteach chun na scoile chun forbairt a dhéanamh ar scileanna na bpáistí.
Picture
Picture
Picture

Téama: Ealaín

Ar feadh 8 seachtaine beidh ealaíontóir áitiúil ag teacht isteach chun comhoibriú leis an rang. An sprioc atá againn ná sraith phictiúir a léiríonn an finscéal 'Oisín i dTír na nOg' a chruthú. Tá cuid áirithe den scéal ag gach grúpa.
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
0 Comments
    Tar in éineacht linn agus muid ar aistear trí Rang a 5.
Powered by Create your own unique website with customizable templates.