Beidh rang a sé a glacadh páirt i gcomórtas VEX robotics IQ i mbliana. Táimid tar éis tús a chuir leis an obair. Bhíomar ag obair i ngrúpaí agus ag leanúint na treoracha ón dteimpléad. Caithfimid teacht suas le hainm don róbó. Níos mó le teacht
Rinneamar turgnamh sa rang chun eolas a bhailiú ar aigéid agus bunanna. D'úsáieamar sú cabáiste dearg chun páipéir Litmus a dhéanamh. Rinneamar triail ar earraí éagsúla ar nós citsip, foltfholcadh, taos fiacla srl. D'athraigh gach aigéid dearg sa sú cabáiste agus d'athraigh na bunanna gorm nó glas sa sú.
An tseachtain seo, bhíomar ag díriú isteach ar uillinneacha agus bhaineamar an-sult as uillinneacha a thomhas agus a tharraingt sa seomra ranga.
|
Fáilte Romhaibh Chuig Rang 6!Archives
March 2023
Categories |