Tháinig Ulick Ó Beirne ó ‘Bike Wizards’ isteach i Mí Bealtaine 2022 chun cleachtadh a dhéanamh ar rothaíocht sábháilte. Bhain na ranganna an taitneamh as na ceachtanna. Beidh sé ag filleadh arís i 2023 le cúnamh Dé.
Ealaín álainn déanta ag rang a cúig agus a sé bunaithe ar mana an bhrat glas taisteal; Fág an gluaisteán, úsáid an cosán.
Rinneamar feachtas chun luasteorainn las muigh den scoil a laghdú ó 60km/u go 30 km/u. Scríobh rang a 6 litir chuig an gcomhairle Contae Chorcaí ag roinnt torthaí na suirbhéanna a bhí déanta againn leo. Rinne rang naíonáin mhóra ealaín chun an scéal a scaipeadh.
Ghlac gach rang páirt sa chomórtas ‘an Buatais Órga’. Bhí gach rang ag siúl nó rith sa chlós gach lá ag déanamh cuaird. Bhuaigh an rang leis an méid is mó cuaird and duais an buatais órga. Chabhraigh an chomórtas seo an scéal faoin mbrat glas a scaipeadh.
|
Scoil GhlasI mbliana táimid tar éis cur isteach ar ár tríú bhrat glas! Táimid ag obair go dian dícheallach chun é a fháil. Archives
March 2023
Categories |