Comhghairdeachas le Múinteoir Mhaitiú agus an Coiste Glas a bhain amach ár gceathrú Brat Glas an tseachtain seo. Bhí an cigire an-tógtha leis na smaointí a bhí acu. Taisteal is ea téama na bliana seo agus is é mana an choiste ‘Fág an gluaisteán, úsáid an cosán.’ Congratulations to Múinteoir Mhaitiú and the Green Flag Committee who recently achieved our fourth green flag. This year’s theme is travel with our school motto being ‘Fág an gluaisteán, úsáid an cosán.’ |
0 Comments
Tháinig Ulick Ó Beirne ó ‘Bike Wizards’ isteach i Mí Bealtaine 2022 chun cleachtadh a dhéanamh ar rothaíocht sábháilte. Bhain na ranganna an taitneamh as na ceachtanna. Beidh sé ag filleadh arís i 2023 le cúnamh Dé.
Ealaín álainn déanta ag rang a cúig agus a sé bunaithe ar mana an bhrat glas taisteal; Fág an gluaisteán, úsáid an cosán.
Rinneamar feachtas chun luasteorainn las muigh den scoil a laghdú ó 60km/u go 30 km/u. Scríobh rang a 6 litir chuig an gcomhairle Contae Chorcaí ag roinnt torthaí na suirbhéanna a bhí déanta againn leo. Rinne rang naíonáin mhóra ealaín chun an scéal a scaipeadh.
Ghlac gach rang páirt sa chomórtas ‘an Buatais Órga’. Bhí gach rang ag siúl nó rith sa chlós gach lá ag déanamh cuaird. Bhuaigh an rang leis an méid is mó cuaird and duais an buatais órga. Chabhraigh an chomórtas seo an scéal faoin mbrat glas a scaipeadh.
Bhí Lá Domhanda Uisce againn inniu chun feasacht a ardú maidir le cé comh gann is atá uisce agus cé comh tábhachtach í mar áis. Bhí ceachtanna éagsúla bainteach le uisce ag gach rang sa scoil agus bhí ann spraoi againn le seo. Rinne gach duine iarracht laghdú a dhéanamh ar an méid uisce a úsáid siad i rith an lae. Chuir rang 2 uisce ar na glasraí agus rinne rang 5 scaigaire uisce ag úsáid buidéal plaisteach, gaineamh, gairbhéal agus clocha beaga.
Táimíd i nGaelscoil Dhroichead na Banndan ag obair faoi láthair chun Brat Glas ar an téama – UISCE – a fháil don scoil. Beidh an choiste glas ag bualadh le chéile gach seachtain chun cúrsaí a phlé. Thug rang a sé cuairt ar Acorn Water chun eolas a bhailiú faoi cóireáil uisce. Níos mó le teacht!
|
Scoil GhlasI mbliana táimid tar éis cur isteach ar ár tríú bhrat glas! Táimid ag obair go dian dícheallach chun é a fháil. Archives
March 2023
Categories |